Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ó mhuínntir an Óileanbhúide agus iad a thabhairt mar spré do’n gcailín mar ní h-aon airgid a bhíodh acu an uair sin acht an oiread sin bó nó beithidheach. An oidhche a thángadar bhí daoine maithe na Dromada imthighthe go Luimneach ar teachtaireacht eigin eile.
    Bhí bothán beag an uair sin ar taobh an leasa mhóir atá ar an Óileanbhúide agus bhí seana-bhean breóidhthe ann. Bhí na cómharsain istig chun í d’fheiscint agus dubhairt sí leó go raibh na ba ag imteacht agus gur bh-earra dhoibh dul amach. Níor cuireadar aon suim innte mar cheapadar go raibh sí ag dul i símpleacht. Dubhairt sí aris leó go rabadar ag imteacht agus go gcaidfí iad a stop. Pé slighe gur cuiread teachtaireacht fé dhéin na sluagh a bhí í Luimneach thángadar agus thángadar suas leis an sluagh a bhí ag goid na mbó ag Barra na gCorra an áit go nglaodtar Lúb a’ Phúca air. Bhí troid mhór eatorra annsan agus bainead na ba dhíobh. Ar maidín nuair éirig muinntir an baile amach ní raibh tásg ná tuairisg ar na ba. Chuadar fé dhéin na seana mná agus dubhairt sí leó go rabadar na gcodlad ar idtaobh thiar do crois Cnoc an Éadain. D’imthigheadar leó agus thugadar abhaile iad acht bhí bó dhearg in easnamh. Chuadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Donghaille
    Inscne
    Fireann