Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fíonán Ua Muircheartaig 14½ bl. Cill mac Ciarainn – a athair Partalán 58 bl.Céardaidhthe agus CéardannaGabhna:
(a). Gabha ‘na chomhnuidhe ar thaoibh an bóthair ag tigh Thaidhg Uí Shúilliobháin darb’ainm do Conchubhair ó Luasa agus bhí a chéardcha aige ag geata tighe an mháighistir. Do dhein sé rámhainn is cruidte, sceana, coinnleóirí, pící, bacáin, tuislí do d’aoinibh na h-áite seo. Mhair sé tímcheall 50 bl. ó shoin
(b). Gabha eile darab ainm do Pádraig Ua Siodhthcháin agus céardcha aige san áit atá stábla an mháighistir anois. Do dhein sé cruidthe, rámhainn is sluaistí. Chómhnuig 55 bl. ó shoin.
(c). Gabha i seómra tighe Mhichíl Uí Fiannachta. Seán Ua Donnabháin. Dhein cruidthe capall agus tairrngí. Mhair 55 bl. ó shoin.
(d). Gabha 40 bl. ó shoin san áit céadna. Seán Duilleach Ua Súilleabháin.Figheadóirí
(a). Figheadóir ar thaoibh bóthair i bpáirc Mhichíl Uí Shúilliobháin. Seán balbh ua Conchubhar a b’ainm do. Dhein plainnín do’s na daoinibh. Siopa beag mísleán ag a mhnaoi. Fuaireadar bás 50 bl. ó shoin.
(b). figheadóir eile i bpáirc an mháighistir Domhnall Ua Conchubhar a b’ainm do. Plainnín is anairt. Bás 40 bl. ó shoin.
(c). Cois tighe Dhomhnaill Mhic giolla Pádraig ar thaoibh an bhóthair. Bhí figheadóir darab’ ainm do Mícheál Ua Laoghaire. Dhein plainnín agus anairt. Mhair timcheall 50 bl. ó shoin.Gréasaidhthe:
(a) Seán Mac Cárthaigh cois an lána. Dhein bróga agus gléasanna capall do dheisiú. Scian a dhein gabha, casúr, pinsiúr agus cúpla ceap – A mhac sa Chathair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Fionán Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Partalán Ua Muircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí