Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 192
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)15. Bruithtíneach:-
a. bainne asail
b. Anál asail
c. Fuighleach fireóide nó luiche.
16. Dóghadh:-
a. Cupóg do bheirbhiú in im agus é chur air
b. Múnlach chur air
c. Eidhneáin do bheirbhiughadh agus na duilleóga chur leis
17. Doigh:-
a. Neantóga do bheirbhiú agus san thógaint mar purgóid
b. Cabhair an duine do chuimilt agus so do rádh:-
“Fear Fial agus bean marbh
Mac Dé ‘na luighe sa gcolg”
18. Ruilleógach do bheirbhiú agus an sughlach d’ól nó caisearbhán caol dearg a ithe don eitinn.
19. Borradh péist:-
a. Dubh
b. Aol uisge
20. Athair Talmhan do bheirbhiú agus an t-uisce d’ól do dhathacha
21. Gearbaí:- Uisce neanntóg d’ól
22. Dubhradán i súil an duine:-
Tá dubhradán im’ shúil
Tá Dia os mo cionn
Ag iarraidh an Dubhradán
Do bhaint as mo shúil.