Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 183
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bean tailliúra agus bean tinncéara sin beirt bhan ná gabhann le ceile...”
1. Bean tailliúra agus bean tinncéara sin beirt bhan ná gabhann le chéile
2. Bearradh an Luain a chuir san uaigh
3. Bíonn gach tosnú lag
4. Is mairg a imthigheann le baois na h-óige
5. I dtosach na h-aicíde is fusa í leigheas
6. Is olc an chearc ná sgríobhann di féin
7. Is fearr súil le glas ná súil le h-uaigh
8. Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin
9. Is minic a dhein braimicín gioballach, capaillín cumasach
10. Is fearr éan amháin ar bhois ná dís ar thor
11. Is mairg don té labhrann go teann
12. Is giorra cabhair Dé ná an doras
13. Is fearr míne boirbhe mhór. Is fearr cóir ná dul chun dlighe.
14. Is fearr tigh beag is teann lóin ná tigh mhór ar beagán bídh.
15. Is fearr an troid ná an t-uaigneas
16. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
17. Is mairg bhíonn thíos ag an gcéad béarnain
18. Is fearr lán dorn d’fhear ná lán gaid do mhnaoi
19. Is milis fíon, is searbh a íoc
20. Is mairg a leigeann súil thar a cuid
21. Is fearr seachtmhain sa Phriaireacht ná bliadhain ar scoil
22. Is ag duine féin is fearr fhios cá luigheann a bhróg air
23. Is measa an ath iompáil ná an chéad fhiabhras
24. Is maith í an óige don té chaitheann mar is cóir í
25. Is olc an ghaoth ná séideann maith do dhuine éigin
26. Is deacair girrfiadh chur as an dtor ná fuil sé
27. Is breágh é an teine agus rud le n-idthe