Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 111
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear theas i gCathairsabháin darab ainm do Jericho.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    S. Tá an fear eile ceannasach grádhmhar
    A’s tabharfaidh duit ádhbhar díl
    A’s feasta ná bagair an báille air
    Mar rómhar sí air a lán don tsíol
    Bhí Eoghan Ruadh agus dochtúir a siubhal an bhóthair lá agus do bhuail sagart leó. Do labhair an sagart agus adubhairt “Cé hé sibh se.” Do fhreagair an fhile agus adubhairt “File agus liagh ‘sead sinn.” Annson do labhair an sagart arís agus dubhairt “File agus liagh agus cléire.”
    Eóghan. Is file gan chiall,
    Is liagh gan éifeacht,
    Bheadh ag sodar ró dhian i ndiaidh na cléire.
    Mar bíonn faodhar ar a bhfiacal
    Chun biadh na h-aoinne
    Agus do réir mar mar a mheasaim,
    Ní fíal iad féinig.
    Brighid bean Uí Dhálaigh Cúmastabha, 84
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí