Scoil: Cuileannach (B.) (uimhir rolla 1199)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peadar Ó Cochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (B.)
- XML Leathanach 427
- XML “Filí na Dúthaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon file tímcheall na h-áite seo anois acht bhí ceann i mBaile Leadar (Bally Ledder) fadó. Seán Crón Ó Súilleabháin a b'ainm dó agus file ana mhaith a bheadh é. Scríobh sé a lán filidheachta mar gheall ar an ndúthaig seo. Dubhairt na daoine go raibh draoidheacht aige agus gur féidir leis rudaí iongantacha a dhéanamh.Bhí duine darab ainm Herbert na thighearna talmhan ar an ndúthaig tímcheall Cill Áirne an uair sin. Do thugadh sé féasta mór d'á tineóntaithe gach blian. Bhí na tineótaithe cruinnighthe lá amháin ar an bhféasta agus thárla go raibh Sean Crón ag dul thar brághaid.Bhí ocras air agus nuair a chonnaic sé na daoine ag ithe na rudaí deas d'iarr sé píosa de acht ní thabharfaidís dó é. Do bhí fearg ar Seán annsan agus dubhairt sé leis féin go bhfaghadh sé diogaltas asta. Do bhí shocruithe aca go mbeadh spórt aca sa tráthnóna. Sé an spórt a bhí aca ná rás le bádaibh ins an loch. Do bhí bád nua ag Herbert i gcóir na rása a fuair sé ó Americe agus bhí fear fhé leith aige ó Americe leis chun é a thiomáint.Do bhí na báid go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Teddy Curran
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí