Scoil: Fearann Iarthach (uimhir rolla 14183)
- Suíomh:
- An Fearann Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann Iarthach
- XML Leathanach 354
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceist:-
Fear fada caol donn
'N-a sheasamh sa ghleann
Is gan faic 'n-a cheann
Ach diabhail agus deamhain.
Fr= Feochadán.
Ceist:-
Trí cosa in áirde
Dhá chois sa talamh
Ceann a'duine beó
I mbéal a ' duine mhairbh
Fr = Corcán ar cheann duine.
Ceist:-
Tobairín fíor uisge ar fíon-bhárr
an t-sleibhe,
Fuinneoigín gloinne agus doraisín cré,
Fr.= An t - súil.
Ceist:-
Fear fada gléigeal,
Is crios dá thaoibh san aer
Fr.= Punann choirce.