Scoil: Snaidhm (B.) (uimhir rolla 8251)

Suíomh:
An tSnaidhm, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Snaidhm (B.)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí sagart i gCill Áirne in aimsear Aodhagáin agus bhí sé tréis a chreidim do sheánadh agus bhíodh sé go minic ag chuaird ar eaglaiseach protustúnach a bhí san áit.

    Giota é seo ó bhéal Mhichíl Uí Shúilleabháin (Gágh) a bhaineann le Aodhagán Ó Rathaille.
    Bhí sagart i gCill Áirne in aimsear Aodhagán agus bhí sé t'réis an creideamh do shéanadh agus bhíodh sé go minic ar chuaird ar eaglaiseach protustúnach a bhí san áit. "Father Abraham" a bhí mar ainm ar an sagart seo agus lá dá raibh sé ag siubhal leis an mhinistéir bhúail Aodhagán leo agus cheap an sagart go mbeadh greann aige. Do chomharluigh an ministéir dhó gan bacaint leis mar go raibh Aodhagán i bhfad níos cliste ná é acht níor chuir sé stop leis an sagart. Bhí fiach-dubh in a sheasamh ar chnocán tamall uathu agus cheistigh sé Aodhagán an raibh fhios aige cad a bhí á rádh ag an bhfiach-dubh. Dubhairt Aodhagán go raibh iongnadh ar leithéid de cheist a chloisint ó dhuine chomh léigheanta go mba cheart go mbeadh fhios aige féin. Connus a bheadh fhios ag duine ain-eolach mar é féin, aodhaire bocht. D'íarr an sagart ar buille fé thuairim a dhéanamh agus dubhairt an file go dtabharfadh sé an t-eolas dó ó's rud é go raibh sé chomh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Shúilleabhain
    Inscne
    Fireann