Scoil: Scoil na mBráthar, Tralee (uimhir rolla 16704)
- Suíomh:
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Mícheál Ó Ruairc Ss. Ó Ruacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Tralee
- XML Leathanach 053
- XML “Is Minic a Bádh Lán Loinge mar gheall ar Aoinne Amháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá de's na laetheannta, bhí Colm Cille agus na manaigh ag siubhal le h-ais na fairrge agus dhearcadar long á bádhadh.
"Is mór an obair" arsa ceannn de's na manaigh le Colm Cille "éinne chomh maith le Dia a rádh 's gur leig sé an long do bhádhadh."Níor fhreagair Colm Cille é acht thug sé dhó seacht gcinn de bheacaibh agus dubhairt sé leis iad san do choimeád go dtiocfadh sé féin chuige arís agus gan aon cheann díobh do scaoileadh uaidh.Nior b'fhada bhí sé imthighthe nuair chuir ceann de's na beacaibh cealg 'sa mhanac. D'fháisc sé an dorn uirthi agus mhairbh sé na seacht gcinn.Nuair tháinig Colm Cille thar n-ais d'fhiafruigh sé dhe cá raibh na beaca a thug sé dhó ó chianaibh.
"Cuir ceann acu" ar sé sin " cealg ionam agus bhrughas í agus mhairbh mé iad go léir mar gheall uirthi."
"A b'facais an long ó chianaibh a bádhadh?" arsa Colm, "bhí aon pheacac amháin innti do sprioc Dia chomh mór gur chaith sé an long go léir do bhádhadh mar gheall air."
"Tá sé ráidhte riamh ó shoin ag an sean-fhocal gur
"minic a bádhadh lán luinge mar gheall ar aoinne amháin."(Pádraig Ó Maoileóin, Baile na nGall, a d'innis do Mhiceál O Ruairc O.S.)- Bailitheoir
- Micheál O Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí