School: Barrow (roll number 11850)
- Location:
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó hUallacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrow
- XML Page 181
- XML (no title)
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí linn Tighe i mBaile Taidhg (Ballyheigue) i n-aice le Ceann Ciarraí”
(continued from previous page)faire feachaint an dtiocfhadh aoinne ag triall ar an gcómhrainn. I lár na h-oidhche d'eirig ceathrar fear aníos as an bhfarraige fé bhun na faille agus thánghadar aníos mar a raibh an cómhra, ach nuair a chonnaiceadar an bhean sgeinneadar ó'n a radharc, agus níor tógadh aon chómra le muinntir Corridan ón bhfaill ó shoin. Pádraig O Séaghdha ainm an fhir a thug an sgeal so dhom. Aos 53 bliadan. Slíghe bheatha - sglámháidhe, rugad agus tógad é agus chaith sé a shaoghal i mBárrnadh. Sean duine ó Bhaile Thaidhg d'aithris an sgeal so do a dúbhairt sé.- Seo sgeal eile dúbhairt sé líom an lá ceadhna. Sean duine ó Bhaile Thaidg dárabh ainm Paidí O Connaill a dúbhairt an sgeal leis féin nuair a bhí sé na bhuachaill óg.Beal a Phuill an ainm atá ar pháirc, i mBaile Thaidgh agus tá saghas umar cloice sa pháirc. Umar níos mo ná buiceád mor iseadh é a duúbhairt sé. Tá cloch bheag cruinn istig ann. Fadó bhí mainistir san áit ach níl a rian ann anois. Umar baistídhe do beadh an umar so uair. Dá n-aistreóchfaí an chloch bheag atá stig ann bheadh an chloch san umar arís ar maidin.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hUallacháin
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Informant
- Paidí Ó Connaill
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí