Scoil: Cluaineach (C.) (uimhir rolla 11774)
- Suíomh:
- An Choill Ramhar, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chlaimhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán - An Cnagaire
“Tarraing trí ann, trí cinn, ¶ trí cinn des na cnagaire”
Tarraing trí cinn, trí cinn,
Trí cinn des na cnagaire,
Trí riogh, trí ró agus trí reagaire
Faoi gach croidhe is cnagaire
Caithfear, an oidhche seo le spórt
Agus bainfimíd na tóin as na mbaraillibh.
Sláinte croidhe le fonn
Fir mhaithe an domhain go ndearmad.
Caithfimíd an oidhche seo le spórt,
Agus bainfimíd na tóin as na baraillí,
Buachaillín gleann againn ól,
Tá gloine ar an mbord, agus ní follamh é.
Tarraing trí cinn agus trí cinn í na baraillí.
Trí rí, trí ró agus trí reagaire
Trí rí, trí ró, trí bhord, trí gleo agus trí barallaí.- Bailitheoir
- Evelyn Mc Nulty
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Choillidh, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Mr Luke Weever
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Choillidh, Co. Shligigh