Scoil: Dubhghlas (B.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Phádraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is a bhuachaillí galánta do thug bárr libh go fairsing.
ó Iarthar gChromáin go port geal na Mainge,
ó Shíobhraí na Tuatha cé gur mhór é a n’ainm,
agus ó Dhómhnall na Díle tá ar lucht draoidheachtaí le fada.Is a bhuachaillí áilne, is fearr cáil agus teagasc,
ag sagart is ag bráithre agus pápoí, mar mheasaim,
leigidh d'on ál nár ghéill riamh d’aon phaidir,
Ach fág i gCromán iad, ag ithe iascáin is aráin seagail.Chaitheadar in áirde í, i mbéal báire agus iad marbh lag,
Chun go dtabharfaidís an sway leó le linn dul abhaile,
Bhí ár bfhear-cul-ne ró mhúinte, do thóg sé den talamh í,
Chuir sé sa tsiubhal í, go lúthmhar mear tapaidh.Bhí an scoláirdeach ináirde, agus a dhá láimh ar leathadh aige,
Á rádh “caith an ball chúgham go dtabharfad abhaile í”.
Chuir sé a dhá sháil sa bhóthar go ceolmhar mear tapaidh,
Agus d’fhágadar sa ceo thiar, lucht na gcaipíní breaca.