Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. T. Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Souper Man 'na chómhnuidhe insan gcaladh. Pádraig Ó Dubhda ab' ainm dó. Tháinigh breoidhtheacht an bháis air, mo ghroidhn ! D'imthigh cómhursa éigin isteach chuige. Tháinigh a dhrifiúr agus chuaidh sí sios sa t-seomra agus dubhairt leis, "is dóigh liom go bhfuil deire do shaoghal tagthaighthe agat. Is fearra dhuit fios a chur ar an sagart agus iompuigh id' chaitiliceach mar bhís riamh. Dein ach tá eagla orm ná leigfí isteach é. Tháinigh an drifiúr amach agus chuir fios ar an sagart.
Dubhairt na suipérí leis an mac go raibh a athair chun iompó. Seasaimh an mac ag an ndoras agus pice ina láimh chun an t-sagairt a shághadh. Bhí na daoine chun an piche a thógaint uaidh ach dubhairt an sagart leo. Ná tógaidh an piche uaidh in aon chor agus raghadh isteach ach caithfidh a fhios a bheith agam ar dtúis an bhfuil an sagart ag teastáil uaidh i gceart. Tiocfaidh mé amach arís. Chuaidh leis. Chuaidh an sagart isteach chun an t-seomra agus dubhairt an bhfuil an sagart ag teastáil uait?(leanann ar an chéad leathanach eile)