Scoil: Killahan
- Suíomh:
- Cill Laithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killahan
- XML Leathanach 331
- XML “Cnoc na Tine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'fhéidir ná fuil a fhios agaibh cad n-a thaoibh go dtugtar Cnoc na Teineadh ar an gcnoc san shíos, an cnoc san atá idir an áit seo agus Cathair Shinéad. Neósfad díbh cad n-a taoibh.
Sa tsean-shaoghal do chítí bean ar thaoibh an chasáin ann gach aon oidhche, agus teine mhór aduighthe aici agus í ghá goradh féin le n-a cois. Do thugadh daoine fá deara ná bíodh sí riamh gan píopa n-a béal aici. Ní leigfeadh eagla d'aoinne labhairt léi ná fuí dul n-a goire.
Oidhche amháin do ghaibh fear de mhuinntir Allmhúráin an treo. Bhí an-dhúil aige sa tobac agus bhí sé gan gal ó mhaodin agus an túisce a chonnaic sé an píopa, tháinig dúil mhalluighthe aige i seach.
Do dhírigh sé ar an innaoí agus do chuir stró uirri, "An dtabharfá gal dom," ar seisean, "níl aon tobac agam féin agus táim ar buille de cheal tarraing de'n phíop."
Do shín sí an píopa chuige. Do thóg sé(leanann ar an chéad leathanach eile)