Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór bidh agus deoch againn anois. Tá lean-dubh agus uisge-beatha agus fión againn. Tá na rudai seo an-dhaor anois. Fadó ní raibh ar an lean-dubh acht dhá pighinn an pinte. Ní raibh ar an uisge beatha acht dhá pighinn an leath-gloinne. Tá an uisge-beatha deich piginne anois. Tá an leandubh. Fadó ní raibh go leór bidh aca. Ní raibh cacaí milse aca mar atá againn anois. Ní raibh ach cacaí mín coirce aca, agus plátai leitean le na mbreicfeasta.
Nuair a bíodh fear ag obair do duine eile ní bheadh aige le na dinnéir ach cupán blathach agus pláta fataí agus salann. Bíodh "boxty" aca fadó freisin. Níl boxty go coithcianta i n-Eirinn anois. Ins an am fadó ní raibh tae le faghail cor ar bith. D'olaidís cupán blathach leis an "water-cress" a bhí ag fás timcheall an tobar fíor-uisge. Do chuiridís cruithneacht freisin agus nuair bheadh sé aibidh bhainidís é agus dheinidís mín de. Annsin dheinidís cacaí. Nuair bheadh an cáca bácailte bheadh cáca dubh aca.- Bailitheoir
- Máirín Níc Aodhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha Máire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Neillí Bean Ó Aodhgáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Béal Átha Máire, Co. na Gaillimhe