Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireann na sean-daoine gur minic a chínn an capall rudaí amuigh san oidhche dorcha.
Tá eanlaith tighis ag mo mháthair. Tá cearcaí agus lachain agus geabha agus mar sin de. Beireann na cearcaí agus na lachain uibheacha. Diolann sí na huibheacha ins an siopa, agus ceannuigheann sí min buidhe ar cuid den airgid.
Uaireannta bíonn na huibheacha[?] an daor. Itheann na cearcaí coirce agus min agus fataí. Nuair a bhíonn mo mháthair ag tabhairt bidh do na cearcaí deireann sí tuic, tuic, tuic.
Nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na lachain deireann sí féacha, féacha, féacha. Nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na geabha deireann sí beadaigh, beadaigh, beadaigh. Beireann na geabha uibheacha freisin. Tagann na goisliní agus na sicíní óga amach san Earrach agus bíonn siad an-deas.- Bailitheoir
- Sighle Ní Neill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean O Néill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe