Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 205
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí righ i gConnacht fadó agus sé an áit a raibh sé ina chomhnuidhe i Gchonamara. Ní raibh aige ach aon inghean amháin. Nuair a bhí sí fásta súas ina bean óg tugadh uaidh í agus ní raibh fhios aige cé ndeacha sí nó cé raibh sí.
Bhí fear bocht taobh amuigh agus bhí triúr mach aige fhéin agus a bhean ní raibh bealach ar bith aige lé íad a thógáilt agus bhí síad go h-an bhocht teach fód a bhí achú Lá amháin dubhairt an fear bocht lé n-a bhean go ngabhfadh sé a tóruigheacht teach ag an righ Dubhairt a bhean gan a dhul ann go mbharuigheadh sé é. "Níl agam lé fhaghail ach aon bhás amháin agus rachfa mé aige lé teach a fhághail uaidh agus chuaidh sé dhá íarraidhe air agus nuair a d'íarr sé ar a righ é díarr a righ ar cén bhealach a bhí aige lé maireachtail agus dubhairt sé nach raibh bealach ar bith aige acht an bhochtanacht Annsin thug a righ áit tighe dhó agus rinne sé teach dó agus thugh sé roinnt talamhan dho freisin agus bhí an fear bocht ag deanamh go maith uaidh sin amach Lá amháin dubhairt an mach(leanann ar an chéad leathanach eile)