Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 295
- XML “Scéal faoi Phúca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear in-a gcomnaidhe i nDún Mór i gCo. na Gaillimhe fadó. Bhí an-grádh aige ar ceól acht ní raibh sé I ndan foghluim acht port amháin – sé an t-ainm a bhí air “An Rógaire Dubh”. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó teach a raibh damhsadh ann agus bhí sé ar misce. Tháinig púca taobh shiar dhó agus chaith sé shuas ar a dhruim é. Dubhairt sé choinnigh greim ar an dhá adhairc sin atá suas as mo cheann. D’iarr an fear air. “Cén áit raibh sé dhá thógáil”? Dubhairt sé go raibh sé ag dul go féasta a bhí ag na sidheógaibh ar Cruaich Pádhraic. Ní raibheadar moiméad ag dul go dtí an Chruaich. Bhuail an púca a chos trí h-uaire ar an talamh agus bhíodar I dteach breagh a raibh daoine ag ithe agus ag ól ann.
D’fág an púca sa mbaile arís é, acht ar a mbealach abhaile bhí sé ag bualadh an fhir bocht le slat mór go raibh sé beagnach marbh. Níor tháinig sé isteach ar misce in – adhiaidh sin agus bhí sé in-a phiobaire is fearr I nGaillimh uaidh sin amach.- Bailitheoir
- Máire Ní Stancháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eilís Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe