Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 488
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí sé roinnt leibideach agus mar ar sin tugtaoí "Saobh" mar ainm air. Bhí an rí ag eirghe sean agus ní raibh a fhios aige cé aca de'n triúr mac a b'fheárr a bheith in a rí in a dhiaidh fhéi[n.] Sa deireadh ghlaoidh sé orra agus dubhairt sé leó. "Imthighidh libh," arsa an rí, gach duine agaibh ar an mbealach is rogha leis fhéin agus an té a bhéarfas ar ais chugam an brat urláir is áilne is é a bhéas in a rí ar an duthaigh taréis mo bháis. Annsin fuair an rí trí chleite agus chaith sé suas san aé[r] iad agus dubhairt sé leis na buachaillí imtheacht sa treó a rachadh na cleití. D'fh[an?] na cleití ag imtheacht ar feadh tamaill san aér agus annsin chuaidh ceann aca soir agus ceann siar agus thuit ceann aca anuas ar an talamh. D'imthigh leis an mac ba shine soir indhiaidh an chleite a chuaidh soir, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Bairéad
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Foirnis, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Uí Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe