Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 456
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mise gan cloch a chuireas faobhar orm."
D'imthigh leis ag tóraidheacht cloiche. "Cá bhfuil tú ag dul indiu," adeir an chloch. "Tá mé ag iarraidh cloiche a chuirfeadh faobhar ar thuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Máirtín a dith mo chuid sméar." "Ní bhfuighidh tú mise gan uisge a fhliuchfas mé." Tháinig sé go dtí an áit a raibh an tuisge. "Cá bhfuil tú ag dul," adeir an tuisge. "Tá mé ag iarraidh uisge a fhliuchfas cloch, cloch a chuirfeas faobhar ar thuaigh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Máirtín a d'ith mo chuid sméar." "Ní bhfuighidh tú mise," adeir an tuisge, "gan cú a shnámhfas mé." D'imthigh leis ar thóir con. "Cá bhfuil tú ag dul," "Tá mé ag iarraidh con a shnáimhfeadh uisge, uisge a fhliuchfadh cloch, cloch a chuirfeadh faobhar ar thuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dhéanfadh gad,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín O Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Bádóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe