Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 371
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear beag agus caipín dearg air agus dubhairt sé leó deifir a dhéanamh abhaile agus thug sé sparán do dhuine aca agus clóca do dhuine eile. D'imthigh siad leó agus dubhairt siad le na chéile. "Tá sparán agam-sa agus uair ar bith a chuireas mé mo lámh síos ann beidh punt ann." Dubhairt an duine eile. "Tá clóca agam-sa agus uair ar bith a chuireas mé ar mo ghualainn é beidh punt agam." Cheannuigh siad teach inaice teach an ríogh acht do bhí olc mór ar inghean an ríogh dhóibh agus ghoid sí an sparán úatha. D'eirigh siad bocht annsin agus chuaidh siad ag tóraidheacht an fhir bhig arís. Tháinig siad chuig an gcoill agus dith duine aca ubhla agus thosuigh a shrón ag fás. Tháinig an fear beag agus dubhairt sé leis trí cínn de ubhlaí eile a ithe agus go mbéadh sé go maith. Thóg duine aca bosga agus chuir sé trí ubhla de gach cineál ann agus chuaidh sé abhaile. Thug(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Níc Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe