Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'S mo thriur-sa buachaillí maithe nach bhfuil a mbeó nó a marbh le fághail.
Mo mhallacht do na churachaí is mo bheannacht do na báid
Is mo mhallacht do na churachaí tá thall ar an dTraigh Bhán.
'Siad a bhain an ceathrar deir bhrathair díom
Badh breaghtha bhí le fághail
Acht a dheirbhrathaireacha ó mo bheannacht dibh
'Sí a gcliabhain atá in a náit.
Nach dona an rud ar chaill mé leis deirbhrathaireacha mo chroidhe
Ag dul go Gaillimh igcurachaí í mhaidin go meadhon oidhche
Dá bhfanfaidís 'sa mbaile agam an geall abhain mé díbh,
Go gcuirfidh sibh dhá chlár ortha
Go bhfaghaidh sibh malairt seóil
Faríor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg
Níl deirbhrathair a'm sníl deirbhiúr ? a'm 'sníl mo mhaithrín beó, fagadh m'éadan aonrach mé gan feithide an bhéil beó. Stá mo Deaide bocht lag lubach
'S a Chríost cé hiongantas dhó.- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Mhaolain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe