Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ná lámh in uachtar ar Chlannaibh Gaedheal.Shíl mé a stóirín mar bhí tú óg, deas
Go ndeanfá foghluim ar éalódh liom
'S nach bhfuil trathnóna ná maidin Foghmhair
Nach tú an réalt eolais a bhíodh ag dul romham
Ag siubhal na móinte 's na gcoillte clóbhair
Ní bheadh orm brón ar bith ná duibhseon croidhe
Ach mé bheith pósta le mo mhíle stóirín
'S mo lámh go bródamhail ar a brollach mín.A rún 's a chéad-searc, an bhfuil tú ag éisteacht le gach focal dá bhfuil mé a rádh?
'S dá mbeinn 'mo chléireach chomh maith le Féidhlim
Ar leath do thréithe ní fhéadfainn trácht
Bhris tú mo chroidhe istigh de ló is d'oidhche
'S a mhúirnín dílis nach claoidhte é an cás
Mé bheith i ngrádh le plúr na mban mánla
'S mo chroidhe dhá rádh liom nach bhfuil maith dhom ann.