Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Chorr-Éisg
Éan mór 'seadh an chorr éisg agus ní fhanann sé in áit ar bith. Istigh ar oileán 'seadh deanann sí a nead, nead breagh láidir as tuighe. Bíonn deich uibheacha 'san nead aige agus is beag nach bhfuil siad chomh mór le uibheacha cearc. Dath bán a bhíos orra agus spotaí dubha.
Faoilleán
Éan mór bán é an faoilleán. Tá gob leathan ghearr aige agus dhá shúil mhóra agus clumhach dubh ag fás timcheall na súile Tá muinéal fada aige agus dhá chois agus drioball fada.
Deanann sí nead cois trágha. Ní bhíonn acht slám feamainne innte agus beireann sí a cuid uibheacha innte. Tá go leór nósa aige núair a fheiceas sé aon duine agus é ag snámh ar an bhfairrge teigheann sé faoi'n uisge.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 66
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe