Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 249
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)18. Tá teaichin annsin thiar agam lán le daoine uaisle coltracha dearg is bratacha uaitne.
Poll Sungáin.
19. Sean fhear bocht is a mhaide faoi na ocht is é ag dul ag ól deach ag tobar na fiasóige.
Smig Neanta.
20. "Chuir mé mo chaoirin lomra lomra isteach i mbaile Uí Ligirí, Ligiri. 'Chuile chloch dá raibh i mbaile Uí Ligirí Ligirí thuit siad anuas ar mo chaora lomra!.
Fata a chuirfeá siar in do bhéal agus thuitfeadh na fiacla anuas ar.
21. Lán an garrdha de gamhna bána agus gamhain beag dearg eatorra istigh.
Fiacla agus an Teanga.
22. Trí muca dubha cruaidhe is a n-aghaidh siar ar Carraig Uí Ríain.
Trí cruach móna.
24. Tá sé 'san abhainn agus ní óltar é. Tá sé 'sa bportach is ní gcarrtar é. Tá sé 'sa siopa is ní díoltar é.
Sgáile Duine.