Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)

Suíomh:
An Cnoc, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Cogar dhuit a Mhic"
    "Céard sin a Mhathair,"
    "Sleagh ag dul in do thaobh dheas,"
    Do chuid fola min uaisle
    a bualadh faoi'n talamh."
    Paidir in am luighe.
    "Cé gcodhlochaidh mé anocht?
    Idir Muire is a Mac.
    Idir Brighid is a brat.
    Idir Colmcille is a sgiath.
    Idir Dia is a lámh deas."
    Ceithre phosta ar mo leaba,
    Ceithre aingil go m'aire go maidin,
    Coimric na naingeal ós mo cionn.
    Ceithre phosta ar mo leaba,
    Ceithre aingeal ós a gcionn,
    Is m'fhághaim bás as seo go maidean
    Ar dheis Dé go raibh m'anam.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge