Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 233
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pisreóga faoí Pósadh. Baingheis, Tóramh agus Baisteadh.
Tá go leór pisreóg faoi gach ceann acu sin go mór-mhór faoi Bhaisteadh. Nuair atá an páiste dá tabhairt chun an t-seipéil is stráinséara a thuibharfas ann é. Nú thugann siad salann ó'n dteach fhéin acht faghann siad é idteach eile. Tugann cuid aca buidéal bainne leo freisin.
Nuair atá daoine ag tórramh cuireann siad gráinne salainn i na mbéal. Má tá siad le teacht abhaile an oidhche sin ó'n dtórramh tugann siad grainne i na bpócaí leó.
Nuair atá bainfheis idteach teigheann siad thart chun na tighthe ag iarraidh ar dhaoinibh theacht chun na bainfheise. Ní thagann aon duine nach mbionn iarraidh.
Ag tórramh má tá an chorp 'sa gconra tugann siad an chorp anuas ó'n doras ó thuaidh. Mura mbeidh an chorp 'sa gcomhnra ní fhéafann siad é sin a dhéanamh.
Leis an oidhche a chur thart gan(leanann ar an chéad leathanach eile)