Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 178
- XML “An tUisce”
- XML “Muintir Árann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair theigheann Muinntir an tighe a chodhladh fágann siad buicéad uisce ar an mbord. Chuirfeadh siad marc chomh fada suas is bhéas an tuisge 'sa mbuicéad, go mbeidh fhios aca ar maidin ar árduigh an tuisge nó ar ísligh sé ins an mbuicéad. Má árduigheann sé bheidh sé 'na bháisteach ar feadh na bliadna.
Má isligheann sé, beidh an bhliain tirim. Ar maidin, ólann an líon-tighe deoch as an mbuicéad sul má chaitheann siad tada eile.
Deir na sean-daoine gur fuil an tuisge ó ghabhas an ghrian faoi trathnóna agus nach ceart é ól. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlaithearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe