Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)

Suíomh:
An Cnoc, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Scéal - Seán agus an Triúr Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    orm cad a dhíbirt. Déanfaidh sin arsa Seán déanfaidh mé mo dhícheall. Nuair a tháinig an oidhche líon Seán a phócaí le clocha, agus chuaidh sé suas i mbárr cránn a bhí ar chúl na cúirte.
    Ní raibh sé i bhfad nó go dtáinig na fathaigh ag leagadh na cúirte. Nuair a tháinig na fathaigh faoí bhun an chrainn. Chaith Seán cloch le duine aca agus bhuail sé sa gcloigeann é. Thonuigh sé ag troid leis an mbeirt eile, ag ceapadh gur duine aca-san a bhuail é, agus ba gearr gur mharbhuigh, duine aca an duine eile. D'imthigh an bheirt eile abha agus iad ag caoineadh faoí'n rud a bhí déanta aca. Nuair a d'airigh Seán imthighthe iad tháinic sé anuas as an gcránn. Fuair sé sgian is bhain sé an cloigeann dhó is bhí sé dhá chartadh sa bpuiteach go gceapfadh a mháigidtir go bhfuair sé anró mór uaidh ag iarraidh é mharbhughadh. Thug sé isteach annsin an cloigeann aige. "Is tú is feárr a chonnaic mé ariamh" adeir a mháighistir. Níor tháinig an dá fhathach eile ní ba mhó. Fuair Seán a pháighe agus d'imthigh sé abhaile. Chuala a mháthair gur mharbhuigh sé fathach. Bhí olc aice dhó, agus bhí sí ag iarraidh é mharbhughadh, agus bhí fhios ag Seán go maith go raibh. Nuair a chuaidh Seán a chodhladh an oidhche sin, fuair sé blocán gumhaise i ngan fhios dá mháthair, agus chaith sé isteach sa leaba é. Chuaidh sé féin isteach faoí'n leabhadh, agus thuagh aige. Nuair a bhí a mháthair ag dul a chodhladh fuair sí claidheamh. Shíl sí go bé Seán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seósamh Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe