Scoil: Cúl Umha (Buachaillí)
- Suíomh:
- Cúil Lú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Antoine P. Ó Murchú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Umha (Buachaillí)
- XML Leathanach 473
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá gort i-aice le mo theach agus Crocán Antoine a tugtar air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)mo theach agus Crocán Antoine a tugtar air. Cuirtear an t'ainm sin air mar uair amhain bhí troid annsin agus bhí fear darbh ainm Antoine ag troid 'san gcath sin agus marbhuigheadh é. Tá sé curtha annsin acht níl a uaigh le feicéal ann anois. Tá cairn cloiche ar thaibh an chnuic agus deirtear go bhfuil se curtha faoí na clocháí sin.Ta loch léath-mhíle ó mo theach. Casann trí abhainn le cheile ag an locj seo.
Deirtear go bhfuil leigheas annsin i gcóir cnáimhe briste. Má théigheann duine go bhfuil cnámh briste aige agus má nígheann sé é san loch seo leigheascar é. Teigheann na daoine go dtí an áit seo trí h-Aoine i ndiaidh a chéile. Níor chualas ce'n t'ainm a tugtar ar an loch sin.