Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 058
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)stroicthe. Ní dhearna an bhean seo aon obair acht ag cur pictiúirí deasa ar an mballa agus rudaí deasa mar sin. D’iarr sí ar thriúr chomharsana ar cuairt cuiche uair ámhain. Thainigh na comharsana le chéile agus thug cailín aimsire isteach go dtí seomra beag iad agus chuaidh sí amach annsin. D’fheach na comharsana thart thimcheall orra. Bhí pictiúirí seafóideacha ar chrocadh ar an mballa agus bhí bord beag ar taobh ámhain. Shuidh siad ar feadh tamaill agus níor thainigh aon duine go dtí iad. Annsin thosuigh siad ag cainnt agus ag gáire dóibh féin. Niorbh fhada go dtáinig bean an tighe isteach agus thosuigh sí ag cainnt go deas. Bhí bróga bána agus bhí gúna síoda saor uirrí. Thosuigh sí ag feacáint ar an gúna agus dubhairt sí leis na comharsana gurbh é sin an síoda ba daora a bhí ins an siopa. Dubhairt sí leis an gcailín aimsire tae a fhaghail dóibh. Thug an cailín aimsire an tae dóibh acht ní raibh siad in a suidhe ag bord cor ar bith. Nuair a bhí siad i lár an béile tháinig fear an tighe isteach agus dubhairt sé le na mhnaoi,
“Cé’n fáth nach bfhuil na comharsana suidhthe ag bord agat.”
“Acht,” arsa an bean, “nach bfhuil fhios agat gurbh é seo tae trathnóna agus ní hé an faisiún a bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Laoidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Laoidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58