Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tighthe nuadha ann anois agus tá ceann slinne orra beagnach . Uair amhain bhí an ceanntar seo in aon fheirm, mór amháin. Bhí an Tighearna talmhan ina chomhnuidhe in Átháir. Do roinn sé suas an talamh. Thug sé cúpla acra do gach duine. Bhí tighthe ann, an uair sin nach bhfuil ann anois. Nuair tháinig an droch saoghal do sgaip sé na daoine. Do luigh sé go trom orra ins an gceanntar seo. Fuair cuid aca bás le ocras. Ní raibh an cuid eile aca inann an chíos a fhághail. Chaith an Tighearna talmhan iad amach ar an mbóthar. Tá rian na dteach sin le feiceál indiú.
Tá rian cinn aca inaice mo thighe. Bhí fear agus a bhean ina gcomhnuidhe ins an dteach sin. Ni raibh aon clann aca. Bhí an teach sin suidhte i lár páirce. Bhí siad an-bhocht. Ní raibh acht cúpla acra talamh aige. Nuair tháinig an duibheachán ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe