Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé féin? arsa bean a 'tighe."Tá sé ag ceanacht dúithche," arsa Seanin, " agus dubhairt sé liom an t-airgead a thabahirt chuige, agus a rádh leat thú fhéin a fhághail réidh, go dtiocfaidh sé i do choinne nuair a béas an teach nua réidh."Líon siad suas mála dhá chéad le airgead agus chuir siad treasna ar dhruim an chapaill é, agus ghabh Séainín suas ar chúl an mhála. Nuair a bhí sé tuairim leath mhíle de'n bhóthar d'fhéach se 'na dhiaidh agus chonnaic sé bean a' tighe a rith agus a lámh thuas aice, agus í a rádh:"Seo cúig punt eile a fuair mé.""Coinnigh é," arsa Seáinín."Béidh sé ag teastáil uait a lá a bhéas tú ag imtheacht le deoch fhághail le tabhairt do na comhursannaí."Tiomain Seáinín leis agus nior stop sé gur tháinig sé go Baile Chláir, agus bhí fáilte mor ag a mháthair roimhe."Ara, a Sheáinín, do chéad míle failte abhaile agus céard é sin ins a' mála agat?" arsa sise leis."Airgead," arsa Seáinín, "agus ní bhéidh tart ná ocras arís go bráth ort, a mháthair; "agus tá mo chéard agam go breágh."
M.M. Ó Fíthcheallaigh, S.N. Cnuic a'Dúin, Ath CinnIs ó Padraig de Búrca, Beithe Beag, Cathair Lios Gráin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe