Scoil: Sliabh Mór (uimhir rolla 2307)
- Suíomh:
- An Sliabh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Mór
- XML Leathanach 376
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocla1. Ní mhothóchadh duine trí céad buille ar dhruim duine eile.
2. Má tá tú ar lorg carad gan locth, beidh tú ar lorg carad go deo.
3. Fear gan námhadh, ní fiú mórán é.
4. Suidh cam ach labhair direach.
5. Leagann tuagh beag crann mór.
6. Is mairg den tigh 'na mbíonn an cearc ag glaodhach agus an coileach 'na thost.
7. An té bhíonn amuigh, fuarann a chuid.
8. Is deachair fear gan ceann a crochadh.
9. Is deas an óige, cas mar is cóir í.
10. Castar na daoine ar a chéile ach ní castar na cnuic ná na sléibhte.
11. Is fearr leath ná meath.
12. Níl idir dhá lá ach aon oidhche amháin.
13. Do bhród féin agus capall dhuine eile/Do mhaide féin agus capall dhuine eile
14. Is minic ciúin cionntach.
15. Ní thagann meirg ar roth a bhíonns ag casadh.
16. Ní cnámh tenga, ach briseann sí cnámha.
17. Bíonn cluasa ar claidhtheacha agus súile ar an macaire.
18. Is fearr súgh bó beo ná marbh.
19. Is binn béal 'na thost.
20. Is deachair coinín a chur as an poll nach mbíonn sé ann.
21. Ní fhágann minic onóir.(leanann ar an chéad leathanach eile)