Scoil: Gortnabrade (uimhir rolla 15706)
- Suíomh:
- Gort na Brád, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tadhg Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortnabrade
- XML Leathanach 397
- XML “Scéal an tSearraigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear uair amháin, agus bhí láir aige, agus bhí searrach san láir. Oidhche amháin bhí an fear, agus a bhean, agus an gasúr beag na suidhe thart fá'n teinidh ag cómhradh fá'n t-searrach ó. Dubhairt na gasúr go mbéadh se ag marcuidheacht ar an t-searrach nuair a rugfaidh é.
Thóg an t-athair a lámh agus bhuail se dórn ar an gasúr sa cheann, agus chuir sé a caoineadh é. D'fiafruigh an bhean do, cá tuige ar bhuail sé an gasúr bocht. "Ó an rogaire" arsa seisean, bhrisfeadh sé druim an t-searrach. Sin sgeul an t-searrach. Ag troid agus ag diopspireacht fá rud nár thárluigh go fóill, no bfhéidir a choidhche.