Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bionn daoine i n-a shuidhe thart áit éiginteacht, ag an teinidh no amuigh sa pháirc. Béidh duine i n-a sheasamh os a gcomhair agus cnaipe i n-a lámh aige.
Rachaidh sé ag gach aon duine agus cuirfhidh sé an lámh a bhfuil an cnaipe ag ann ag taobh lámh an duine atá i n-aici leis, agus déirfidh sé “seo agat cnaipe agus cumhdaigh go maith é”. Bféidir nach dtabharfhadh sé an cnaipe do’n duine sin ar chor ar bith. Bhéir sé an dcnaipe do duine éigin i gcomhnuidhe.
Iarrfhaidh an fear a bhfuil an tslat aige ar dhuine ‘inteacht, “ce aige a bhfuil an cnaipe”. Caithfidh an duine ar chuir sé an céist air duine eile a ainmneadh a sileann sé go bhfuil an cnaipe aige. Muna mbíonn sé ceart gheobhaidh sé buile dé’n tslat.(leanann ar an chéad leathanach eile)