Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)

Suíomh:
Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eilis Ní Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 70

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 70

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Acres
  2. XML Leathanach 70
  3. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sideóga.
    Bhí beirt buachaill ag baint preataí í gcuidhreann tá corradh le leath-chéad bliadhainn ó shoin.
    Chuir siad síos teine bhéag i bhfasgadh spinnce, agus bhí siad ag rostadh preataí dobhtha fhéin.
    Ní rabh siad i bhfhád ag rostadh go dtáinig fear béag baoideach amach as sgoil a bhí ins an spinnc le culaith dearg air agus dubhairt sé leo, “Tóg an teine amach as seo”, tháinig sgannradh ar an buachaill óg, agus thóisigh an buachaill a ba sine ag gaire faoí. Le sin thóg an duine béag a lámh agus thúg sé slap do agus tionntuigh sé a bhéal siar go dtí a cluas.
    Rith an bheirt abhaile agus a gcroidhe ina mbéil aca agus d’innis siad s’a máthair an rud a tharla.
    Ní rabh an buachaill abalta cainnt go maith agus d’innis an buachall óg ann an sgéal dí.
    Thúg a mháthair an buachall go dtí an sagart agus dubhairt sé paidir os a chionn agus i gcinn seachtmhaine no mar sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighidh Ní Domhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Leac Eidhneach, Co. Dhún na nGall