Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)

Suíomh:
Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séumas Ó Dómhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mínbeannaid
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Gruagach na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sin ann más fad obhí. Bhí rí i n-Éirinn aon úair amháin agus bhí triúr mac aige. Tháinig lá deas fóghmhair agus a bhí síad aig a ndinnear bhí an lá an-deas téith. Fosgladh an fhuinneog agus tháinig éan deas isteach a raibh a chuid cluimhrighe órlasta mar bheadh dreatach óir ann. D'éirigh an mac a b'óige agus lean sé de'n éan agus lean an bheirt dhearbhrathair fosta. Shíl síad gach aon bhomaite go n-éireochadh leóbhtha breith ar an éan. Chúaidh síad go bárr beinne. Shíos leis an éan ins an bheinn. Ní thiocfadh leo fhághail fhad leis an éan. Chúaidh an fear as sine aca 'na bhaile fá choinne téid a leigfeadh an fear óg síos ins an bheinn. Dubhairt an fear is sine ag teacht do arís gur b'é a cheart dhul síos ins an bhéinn indiaidh an éin.
    Chúaidh sé síos, chuir síad an téad faoi n'-ascaill agus leig an bheirt eile síos é. Chúaidh an t-éan síos níos fuide ins an bheinn. Ní raibh uchtach aig an fhear is sine 'dhul síos níos fuide. Tharraing an bheirt dearbhrathair aníos arís é, ag tabhairt fa ndeara daobhtha gur chaill sé a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Cait Nic an Bháird
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann na hEilte, Co. Dhún na nGall