Scoil: Mín an Aodhaire (uimhir rolla 12021)

Suíomh:
Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seaghan Ó Coinnigeáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Aodhaire
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Druimín Dubh Dílis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní dheacaidh sin buarach suas ar a cos
    Ar aon bhó bhán a b'fhearr ar a ghlas
    Sí budh mhó bainne agus badh mhilse blas
    Ar méid (méad) na cneamhair ní chorruigh sí cos
    A's óró Druimin a's óró ghrádh
    A Dhruimin Dhubh Dílis go dtéidh tú slán.
    Is furast do'n righ dul ann a buailidh
    Mas leis féin a déag sí uaimse
    Dubh agus donn an bhó beag riabach
    A's a Druimin dubh dílis nar iarr ar a buailead
    As óró ....
    Ag éirigh damh amach maidin la Feil' Pádraigh
    Fuair mé an Druimin Dubh sínte sa díog báidhte
    Ghread mé na bosa agus gol (caoin) mé go cráidhte
    A Druimin Dhubh Dílis caidé deanfas na páisdí
    A's óró.....
    Caidé an maith damhsa a béith sabhail féir
    O chaill me an Druimin Dubh a b'airde géin
    Sí a bhí againn i nDún O Néill
    Thug an Rí leis agus nuair bhí muid I 'na feidhm
    A's óró....
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghan Ó Coinnigeáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Fionnalaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall