Scoil: Málainn Mhór (uimhir rolla 15991)
- Suíomh:
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Málainn Mhór
- XML Leathanach 339
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear agus a inghean na chomhuidhe neas do Shliabh Liaig i n-áit a dtughann siad Teidhlinn air.”
Bhí fear agus a inghean na chomhuidhe neas do Shliabh Liaig i n-áit a dtughann siad Teidhlinn air.
Lá amháin bhí siad ag teacht isteach go dtí'n Gleann acht tháinig siad isteach bealach Gleann Mhálainn mar tá sé i na h-aithghiorra go dtí'n Gleann. Nuair a bhí siad ag teacht isteach d'éirigh siad tuirseach shuidh siad síos agus rinne siad a sgigisthe. Bhí bata leis an fhear i na láimh agus sháith sé é sa talamh ins a bhí sé na shuidhe. Shiubhal siad leo giota maith acht sa deireadh chuir an fear cruinneadh ar an bhata d'fhiafruigh sé do'n nighean an mbéadh fhios aicí ca n-áit a bhí an bata sáithte. Dubhairt seisean go mbéadh fhios aicí in áit a rabh an bata. Chuartuigh sí go bhfuair sí an bata. D'innis sé díthe go rabh óir faoi'n bhata, fuair sí an t-ór agus bhí sí saidhbhir i ndiaidh sin.Máire Ní h-Éigin
Málainn Mhóir
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní h-Éigín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam A. h-Éigín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall