School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 32

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 32

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 32
  3. XML “Séamus Ó Frighill agus na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tosuigh an imirt. Bhain Séamus an cluiche. “Tabhair do bhreith a Shéamuis” arsa an chaileach. “Caithfidh tú mo cuid airgid uilig a chaill mé annseo a thabhairt damh,” arsa Séamus. “Tá sin agat” ar sise. Chuir Séamus a lamh in a phoca agus fuair sé an tairgead. D’fhág Séamus í annsin agus thug a aghaidh ar an bhaile. Ar a bhealach ‘na bhaile smaoitigh sé gur bhfearr dó fanacht sa boitheach go maidin. D’fhan sé ann. Bhí an caileach an fheargach nuair a bhain Séamus an chluiche. Dar leithi go mbéadh an bhuaidh aici i gcás ar bith. Nuair a d’imthigh Séamus chuir sí teachtaire fhad le na bhean ag rádh go raibh Séamus marbh agus go raibh an chomhnair sa choill. D’imthigh an bhean fhad leis an tsagart agus fuair sí iasacht cúig phunta uaidh a cuirfheadh a fear. Tugadh abhaile an chomhnair. Cupla lá ‘na dhiaidh seo cuireadh an comhnair. Bhí Séamus ins an bhoitheach i rith an ama seo. Ní tiochfadh leis a dhul isteach un toighe ar eagla go mairfeadh a bhean é. Thug sé iarraidh a dhul isteach lá amháin acht dhruid a bhean an doras air mar shil sí gur bh’é a thaidhbhse a bhí ann. B’eigin do pilleadh arais ‘na bhoithigh. Chuaidh a bhean isteach ‘na bhoithigh lá amháin. Chonnaic sí Seamus ann. Sgannruigh sí go mór agus cuaidh sí annsoir an t-sagart agus d’innis sí do gurb cuireadh a fear tá seachtmhain ó shoin agus go dtainig a thaidhbhse go dtí an doras uair amháin ó shoin agus go raibh sé ins an bhoitheach indiu. “Caithfidh sé gur b’é an diabhal ata sa bhoitheach” arsa an sagart. Chuir an sagart air a ribin agus thug sé leis leabhar. Thainig sé fhad leis an bhoitheach agus shéas sé taobh amuigh ag leigheamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Pádraig Mag Fhionghaile
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Charraig, Co. Dhún na nGall