School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’iarr sé trí h-uaire ar án diabhal a theacht amach as an bhoitheach acht d’á mbéadh sé ag sgairtigh ó shoin ní thiocfadh an diabhal amach. Ins an deireadh ghlac an sagart misneach agus chuaidh sé isteach. D’innis Séamus dó fa dtaobh de’n chleas a d’imir na sidheogaí air. D’innis an sagart do bhean Shéamus nach rabh a fear marbh ar choir ar bith. Tháinig Séamus amach as an bhoitheach. D’órduigh an sagart an chomhnair a thógail arais. Tógadh é agus fosgladh é. Cáidé bhí ins an chomhnair acht clogaid chail. Ní dheachaid Séamus ‘un aonaigh níos mó. Má cuaidh fhéin chionbhuigh sé amach ó bhealach na choilleadh. Nó chuir an caileach an oiread sin eagla air agus bhí eagla air rompai. Cupla bliadhain ‘na dhiaidh sin rugadh mac óg i dteach Shéamuis Ó’Frighill. Mhair Séamus agus a bhean agus Séamus óg go sasta ó sin amach. Bhí athas mhor ar an tsean lánamháin nuair a bhí oidhre aca ar an dúithche.
- Collector
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Mag Fhionghaile
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal