Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 153
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí ceithre dearbhrathair in na gcomhnaidhe le céile i gcáisléan. Bhí mórán áirgid ag na dáoine seo.”
Bhí ceithre dearbhrathair in na gcomhnaidhe le céile i gcáisléan. Bhí mórán áirgid ag na dáoine seo. oidhche amháin na dearbhrathaireacha in a luigh sa t-seomra. Ní rabh siad ina chodladh. Chonnaic siad gearrfhiadhach ag an fhuinneoig ag amharc isteach. Bhí feidil aige fósta. Dubhairt fear amháin aca go rachadh séiseán in a dhiaidh an ghearrfiadach sin. Chuaidh sé amach go dtí an bhoitheach. Thug sé an capall a b'fhearr a bhí ins an bhoitheach leis. Bhí an capall ag rith comh gásta as thiocadh leis. Acht bhí an gearrfiadhach ag rith comh gasta. Nuair a bhí siad ag teacht fhad le teach beag léim an capall ar an ghearrfhiadhach. Rinne an gearrfhiadhach sgairt. Tháinig bean amach as an teach. D'iarr sí ar an fhear caide'n fáth a rabh sé i ndiaidh an ghearrfhiadhach. Dubhairt an fear go rabh sé ar an fhuinneoig. D'iarr an bhean ar an fhear theacht isteach go bhfuigheadh sé cupa tae. Chuaidh an fear isteach. Thug sé isteach an capall fósta. Nuair a bhí siad istoigh d'iarr an fear ar an bhean nach rabh ropa ar bith aige(leanann ar an chéad leathanach eile)