Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 365
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach in aon ualach amhain agus ar siubhal leis go dtí an muileann. Nuair a thainig sé fhad leis bhí an muilteor ag druid na doirshe agus dubhairt sé go rabh ruid eighinteacht ins an muileann agus nach dteachaidh fear ariamh isteach ann a d’fan oidhche ann agus a thainig amach slán. Báll arsa Sean bearfaidh mise iarraidh, agus isteach leis toisigh sé ar an obair acht ní rabh sé i b’fad go dtainig fear mor dubh isteach agus arsa seisean caide tá tusa ag deanamh annseo. Thainig an fearg ar Sean agus arsa seisean muna dteighidh tusa amach ar seo go tapaidh bainfidh mé an ceann drót. Thosuigh an bheirt ag troid acht marbhuigh Sean an fear eile agus ó sin amach ní rabh taibhse ar bith sa muileann. Ar maidin bhí an min coirce reidh ag Sean agus d’iomcar sé abhaile bhí an tan iongantas ar an Rí nuair a connaic se Sean slan abhaile agus an mhin leis, thug sé trí mála ór do agus bhí féasta mhór acu agus cíbé nach bhfuair cuireadh fuair mhathair Sean cuireadh.
Annsin pósadh (Seann) Sean agus nighean an Rí bhí feasta acu a mhair lá agus bliadhain agus annsin comhnaidhe an triúr acu i gcaislean an Ríogh.- Bailitheoir
- Nuala Ní Cinneide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Ach Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Saileasa, Co. Dhún na nGall