Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Suíomh:
Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Leathanach 158
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Rugadh D. Ó Conaill...

    Rugadh D Ó Conaill adeir Seainín i gCo an Chláir? agus rugadh fear maith i gCo an Chláir an lá a rugadh Domhnaill . Bhí sé meabhrach agus bhí fiosamhail. Bhí sé 'na Counciléra agus ní rabh C. In Éirinn ní bhfearr ná é. Phléidh sé cúis in aois a seacht mbl, a bhí a'cinneamhaint ar go leor breitheamh. Lá amháin bhí beirt fhear i gcurrach. Bhí an lá garbh, agus cuireadh duine de na fir tar bórd. Thuit sé ins an bhfairrge agus chuaidh go gainneamh. Ní leis a bhfear eile a b'fhaillghe é. Bhí geaf sa currach aige agus lámh an-fada sa ngeaf. Chuir sé síos sa ngeaf a' tabhairt iarracht ar a bhfear a bhí ins a' bh.....a thabhairt ar ais, ach d'éirigh leis gur chuir sé an geaf i súil an fhir a bhí ghá bháitheadh agus ....sé isteach ins an gcurrach é. Bhí an tsúil caillte ag a bhfear a bhí ghá bháitheadh mar in a shúil a dheirigh leis a bhfear eile an geaf a chur i bhfástódh. Ach ar ball céard a rinne an fear a sabháileadh ach an dlíghe do chur ar a chomrád. B'shin é an buidheachas indeireadh ..... mar ba mhinic mi-bhuidheachas ar duine a dhéanfadh rud maith. Chuaidh sé ag dlíghe agus chuaidh siad ag go leór cúirteanna agus níorbh féidir le breitheamh ar bith agus bhí sé a' cinnear.......an chúis a chríochnú mar ba dheachair le breathnú isteach sa sgéal agus an chúis a chríochnú d'réir an chaoi a thárla sé. Ach lá amháin bhí an dlighe ag dul ar bun I gCo An Chláir. Bhí D.O Conaill in aois a seacht mbl ach é a dhul ar sgoil. Bhí D Ó C agus na sgoláirí eile go léir, bhí siad ann ag uair sgíthe ach nuair a bhí dubhairt D Ó C "Beidh mise im bhreitheamh anois agus cuirfidh muid an chúis ar bun eadrainn". Thosuigh siad D. mar bhreitheamh agus na sgoláirí go léir cruinn' thart air. Thárla é do bhreitheamh na Cúirte go rabh sé ag a' spaisteóireacht tart roimh an gcúirt agus chi .....sé an chúis 'bhí ar bonn ag na sgoláirí. Sheas sé agus d’éist sé leob go curamach. Ach indeireadh na cúise seo é an socrú a rinne D.
    "Séard a déarfainn-se anois" ar seisean an bheirt fhear a bhí sa gcurrach a dhul amach ar an bhfairrge mhóir, an fear sin a chaill a shúil, eisean a caitheamh síos ins an bpoll go dtí an Láib agus dá mbéadh sé in-ann a tigheacht ar ais aníos ón Láib agus isteach sa gcurrach gan an fear eile a'tabhairt congnamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Innéacs seanscéalta
    AT0155: The Ungrateful Serpent Returned to Captivity
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    C. J. Ó hAoláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seáinín Sheáin Ó Flaitheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe