Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)
- Suíomh:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus mo léan, fuair sé sin uaithe agus fáilte. Ar maidin nuair a bhí sé ag imteacht d'fiafruigh sí dhe cá raibh a thriall, agus dubhairt seisean go raibh sé ag imtheacht ar thóir aimsire. "Tá sé chomh maith agat fanacht agam-sa" ar sise "mar níl aoinne ins an teach seo acht mé féin agus pósfaimíd." "Is cuma liom" ar seisean. "Tá mé sásta." D'fhan sé léithe agus phós siad. Maith go leor annsin nuair a bhí siad tamall maith pósta rugadh mac dóíbh agus bí siad chomh bocht sin agus nach raibh oiread airgid aca agus a n-íoc ar baisteadh an pháiste.Dubhairt daoine leis an athair an páiste a thabhairt go teach an phobail agus go mbaistfeadh an sagart é in aisge dó agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Bean Uí Náraidhe
- Inscne
- Baineann