School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 553
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad an bóthar go dtí an dara driotháir. Bhí fáilte mór ag an sean-fhear rómpa. Bhí spórt an domhain aca an oidhche sin agus ar mhaidin an lae in a dhiaidh sin bhuail siad an bóthar aríst agus bhí sí tuirseach go leór nuair casadh isteach ag an driotháir a b'óige díobh iad agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfeadh sé dóibh ar feadh na h-oidhche agus ar mhaidin an tríomhadh lae d'éirigh siad go moch chun déanamh ar pálás a athar. Shiubhal siad leo go dtáinig siad cómh fada lé tobar abhí ar ghluais baile abhí faoí'n asacht ceathramhadh de mhíle ó'n bpálás, "Anois ar sise, fanfhaidh mise annseo ag an dtobar agus gabh tusa go dtí an pálás go bhfeicfidh tú cé'n sórt fáilte a bhéas ag an rí rómhainn agus gaibh arais annseo cugamsa leis an scéal agus má leigean tú daoine ná beithidheaca baint lé do bhéal go dtigfhidh tú arais cugamsa ní cuimhneóchaidh tú go bhfaca tú mé ariamh. Shiubhal an prionnsa leis annsin agus tar-éis cúig nóiméad déag chasadh isteach é i dteach a athar. Bhí gach duine ag cur fáilte roimhe agus ag iarraidh é a phógadh acht ní leigfeadh sé dhóibh. Shuidh sé síos ar bhínsín sa párlús agus lean sgrios ar coileán abhí sa pálás nuair d'imthigh an prionnsa agus bhí aithne aige air(continues on next page)
- Collector
- Mártan Ó Chiaragáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Ciaragáin
- Gender
- Male