School: An tSraith

Location:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Seán Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 549

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 549

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An tSraith
  2. XML Page 549
  3. XML “Seáinín na Cloiche Liath”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go mbéadh sé i ndhán congnamh a thabhairt do acht dá mbéadh Seánín na Cloiche leath fé mar a chonnaic sé ní bhéadh sí i ndhán congnamh a thabhairt dó agus dubhairt an Prionnsa go bhfaca sé Seánín na Cloiche liath. Annsin dubhairt an Prionnsa go mbeadh sé ag imtheacht ar maidin. Rinne a mháthair trí cácaí beaga agus thug sé iad d'on bPrionnsa.
    Ar maidin lá ar na bhárach d'imthigh an Prionnsa agus dubhairt a mháthair leis go mbéadh sé i dteach a uncail an oidhche sin. Fathach mór a bhí ann, agus núair a thiocfadh sé go dtí gheata an caisleáin bhéadh madadh mór ar gach taobh de'n geata agus a bheál ar osgailt. "Tabhair píosa d'es na cacaí dó" ar sise " agus ní dhéanfaidh sé aon dochair duit" Nuair a tháinig an Prionnsa go dtí an geata bhí na madaidh annsin agus thug sé píosa de's na cácaí dóibh. Chuir an fathach failte roimhe agus d'iarr sé air teacht go dtí an caislean. Bhí fleadh mór acu an oidhche sin agus d'innis an Prionnsa a sgéal brónach dó. Annsin fúair an fathach na leabhra móra a bhí aige go bhfeicfeadh sé an mbéadh sé i ndhán Seánín na Cloiche liath
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Mháille
    Gender
    Female
    Informant
    Liam Ó Mhuilligh
    Gender
    Male