Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Triúr Mac
    Nach agam bhí an triúr mac bhí múinte togtha
    Agus ba gearr ba lón dom iad cead faraoir géar
    D’fág siad a ndeirbhsiúr ina ndiaidh go brónach
    Ag deanamh dóláis agus gol ina ndhiaidh
    Ní suim ar bith a bhí sa bfear a bóige agam
    Gídh go mba lághach an stócach le mealladh é
    Ach an fear ba sine aca a craidh go mór mé
    Agus ní beó me le cumha ina dhiaidh
    Nuair a theigheann mná an bhaile agus a gclann uilig le céile
    Caillim mo leargus agus mo mheabhair ann
    Agus tá deireadh le mo seancus is mo comhrádh déanta
    Agus ní labrocaaidh (mé) aon snidh go dtéighidh mé i gcill
    Níl aon truag in Éirinn is mo ná mé
    I ndiaidh an céad mic a chradaidh mo chroidhe
    Ag guidhe Dé is ag déanamh deirce
    Agus gan mé ag dréim leath go huair an aitrighe
    Dá bhfadtá sa mbaile i mbun do máthar
    Geobfainn árus is bean dun féin
    Thar a bheith ad’ seasamh san arm grándha
    Agus gan dá bhárr agat ach biad do bhéil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maigread Ni Gionnain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seamus O Baoglain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    32