Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gabfaidh mé 'um Aifrinn amaíreach
Go bfeicfidh mé grád mo chroidhe
Agus innseócaid mé igcogar da máitrín
Go ndeacaidh a grád in mo chroidhe
Nach sin í sa bpobal mo grádhsa
Agus cá bfuil an bhean breágh le na taobh
Le finne, le gile is le breághaicte
Is go seasfad sí os comair an Rí
Bionn a cuid éilíní ag gaíre
Ag tabhairt deallradh trí lár an tíghe
Agus bá ghile liom crúdh a da láimh
Na an sneactha do carnad i gcraoibh
Mas rud nach bhfuil sí le fághail agam
Agus nach mbéidh go brátach faraor
Sgaoilimse an súgrad le fánaidh
Agus beannacht le grádh mná an t-Saoghail
Deanfaidh me cuilt (?) do mo brishde
A mairfeas le saogal na bfear
Ní bhainfid me an fheásóg seo díom
Da bfasad sé mile ar fad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ni Corduibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál O Corduibh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo